1.
A Bhaile Locha Riach, is fada 'bheas trácht ort
ón lá úd a tharla mé ann,
Nó gur dhruid mé go dlúth leis na cárta
's gur thógadar ríl in mo cheann.
2.
Ar maidin ag dul tríd an tsráid dom
shíl mé nach ndéanfainn aon mhoill,
Nó gur rug John Joyce ar bharr láimhe mé
go dtí teach pléaráca agus grinn.
3.
Chas Dia aon scilling amháin chugam
agus a shíl mé go raibh mo dhíol ann,
Nuair a shíl mé nár ghlaos ach dhá chárta
bhí ag Conúr im aghaidh trí is bonn
4.
Bhuail mise an bord leis an gcárt
is Maolamhnaigh 'se tháinig go teann,
D'fhiafraíos cén chiall an cás seo
is a ghiorracht ó thangamar ann.
Fear an Tábhairne:
5.
"Is é an dlí a bhíos againn ins an áit seo
an reicneáil nach n-íoctar in am,
Má éiríonn na daoine ón gclár-
An fear deiridh bheith síos leis an leann,"
Raifteirí:
6.
"A Chonúir ar m'ainim ná tráchtaigh,
tháinig mé gear, is b'annamh liom,
Dá dtugthá-sa beagáinín spáis dom
bheinn anseo amárach in am."
Fear an Tábhairne:
7.
"Dá mba sagart thú a thiocfadh , nó bráthair,
ní bhfaighfeá-sa cairde faoin leann,
Ach íocfaidh tú mise ar an tairne
má tá an hata crua fáiscthe ar do cheann,"
Raifteirí:
8.
"An gcuirfeá-sa amach mé lá báistí,
i mo sheasamh, lár sráide, im cheann
Is a fheabhas agus d'ólfainn do shláinte
ach mo sparán bheith láidir is teann?"
Fear an Tábhairne:
9.
"Nár dhúirt me leat cheana gan trácht air,
go raibh taxes agus license an-teann?
Is dá dtrustfainnse réic nó fear fánach
ní bheathóinn mo bhean is mo chlann."
Raifteirí:
10.
"Go bhfeice mé tusa i do stáca
I do sheasamh, lár sráide, in do cheann,
Do chosa ins an lathaigh faoi ghága,
is tú ag suathadh na láibe go lann